Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Riachtanais nua chun taisteal go dtí an Eoraip
  • 10 Márta 2025

Cad é an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES)?

Níl an Córas Dul Isteach/Imeachta i bhfeidhm faoi láthair.
Táthar ag súil go gcuirfear tús leis i mí Dheireadh Fómhair 2025.
Fógróidh an tAontas Eorpach dáta tosaigh sonrach EES roinnt míonna sula seolfar é.

Is córas uathoibrithe TF é an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal le haghaidh gearrfhanachta a chlárú, gach uair a thrasnaíonn siad teorainneacha seachtracha aon cheann de na tíortha Eorpacha seo a leanas tríd an gcóras a úsáid:

EES countries

Chun críche EES, ciallaíonn ‘náisiúnach nach náisiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh é’ taistealaí nach bhfuil náisiúntacht aon tíre de chuid an Aontais Eorpaigh aige ná náisiúntacht na hÍoslainne, Lichtinstéin, na hIorua ná na hEilvéise.

Ciallaíonn ‘gearrfhanacht’ suas le 90 lá laistigh d’aon tréimhse 180 lá. Déantar an tréimhse sin a ríomh mar thréimhse aonair le haghaidh na dtíortha Eorpacha uile a úsáideann EES.

Cé na tíortha nach mór a náisiúnaigh a bheith cláraithe in EES?

Tá feidhm ag an gcóras maidir leat más náisiúnach neamh-AE thú agus:

  • má tá víosa ghearrfhanachta de dhíth ort chun taisteal chuig na tíortha Eorpacha ina n-úsáidtear EES 

  • mura bhfuil víosa de dhíth ort chun taisteal le haghaidh gearrfhanachta sna tíortha Eorpacha ina n-úsáidtear EES

Clárófar go leictreonach in EES gach uair a théann tú isteach i dtír, gach uair a fhágann tú tír agus gach uair a dhiúltaítear duit dul isteach i dtír.

Sa Chipir agus in Éirinn, in ainneoin gur tíortha den Aontas Eorpach iad, cuirtear stampa ar phasanna de láimh go fóill.

Díolúintí ó chlárú in EES – féach Cé leis nach mbaineann EES?

Céard iad na tairbhí a bhaineann le EES?

  1. Leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta, déantar nuachóiriú ar bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais, rud a chuireann feabhas de réir a chéile ar an taithí a bhíonn ag taistealaithe.
  2. Sainaithnítear leis rófhantóirí agus soláthraítear leis sonraí iontaofa maidir le dul isteach, imeacht agus diúltuithe cead isteach.
  3. Déanfaidh an córas seo calaois aitheantais a chomhrac go héifeachtach trí shonraí bithmhéadracha a bhailiú.
  4. Neartófar an tslándáil laistigh den Aontas a bhuí le seiceálacha teorann feabhsaithe, úsáid taifead leictreonach agus sonraí bithmhéadracha.
  5. Cuireann EES comhroinnt faisnéise fíor-ama chun cinn, rud a chinntíonn go mbeidh an fhaisnéis cheart ag údaráis teorann ar fud an Aontais ag an am ceart.
Cén uair a bheidh EES beo?Cad dó a bhfuil EES ann? dó a ndéanann sé difear?
Deireadh Fómhair 2025Leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta, déantar nuachóiriú ar bhainistiú teorainneacha trí éifeachtúlacht agus cáilíocht na bpróiseas ag an teorainn a mhéadú agus stampáil pasanna a ionadú. Déanann sé taisteal a shimpliú freisin agus déanann sé níos sábháilte é.

Náisiúnaigh tríú tír atá ag taisteal le haghaidh gearrfhanachta chuig tír Eorpach trí úsáid a bhaint as EES.

Tá díolúintí i gceist – féach Cé leis nach mbaineann EES?

 

Faigh amach faoin difríocht idir EES agus ETIAS